University of Galway

Ranked Ireland's #1 university for sustainable development in the Times Higher Education World Rankings (THE), we're not just about excellence in teaching; we're about shaping a better world. Our commitment to sustainability is globally recognised, placing us 38th worldwide and in the Top 10 in Europe (THE). As a government SDG Ambassador and a leader in sustainability, we offer a learning environment that cares for you and our planet. Find out more about our extensive range of undergraduate and postgraduate courses and learn about our vibrant research community below.

University of Galway. Where will it take you?

Research

Research

University of Galway's vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our time.

Read more

Undergraduate

Undergraduate

Shaping the world and inspiring leaders since 1845. View any of our 50+ undergraduate degree courses.

Read more

Postgraduate

Postgraduate

University of Galway offers 200+ postgraduate courses including higher diplomas and masters degrees.

Read more

Latest University News

10 June 2025

Tráthnóna Eolais in Ollscoil na Gaillimhe faoi na deiseanna atá ag Foghlaimeoirí Fásta cur lena gcuid scileanna

Ag an tráthnóna eolais bliantúil d’fhoghlaimeoirí fásta, tabharfaidh Ollscoil na Gaillimhe eolas faoi shraith nua cúrsaí, Sraith nua Dioplómaí le hArd-déantúsaíocht san áireamh, a thacóidh le daoine atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna le freastal ar riachtanais an tionscail atá ag athrú i rith an ama.  Beidh an tráthnóna eolais ar siúl ó 5.30-7.30pm, Dé Céadaoin, an 18 Meitheamh san Áras Bitheolaíochta Daonna ar an gcampas.  Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh na hOllscoile atá ag reáchtáil na hócáide. Cuirfear béim ag an tráthnóna eolais ar raon leathan cúrsaí gearra solúbtha agus roghanna staidéir fhadtéarmaigh, atá á gcur ar fáil chun freastal ar riachtanais foghlama daoine gairmiúla, lucht cuardaithe poist, agus daoine atá ag filleadh ar an obair.  I measc na gcúrsaí páirtaimseartha a bheidh ar fáil i mbliain acadúil 2025/26 beidh cúrsaí Springboard+ atá maoinithe go hiomlán dóibh siúd atá dífhostaithe nó ag filleadh ar an obair, agus cúrsaí a bhfuil maoiniú 90% ar fáil dóibh do dhaoine atá fostaithe ach ar mian leo cur lena gcuid scileanna, mar aon le cúrsaí a gcuirtear maoiniú ar fáil dóibh trínár gcomhpháirtithe Skillnet.  Is cúrsaí idirdhisciplíneacha an tSraith Dioplómaí nua le hArd-déantúsaíocht atá curtha in oiriúint do lucht gairmiúil a bhfuil cúlra eolaíochta agus innealtóireachta acu, go háirithe iad siúd atá ag plé le teicneolaíocht leighis agus le dearadh déantúsaíochta. Tá béim sna cúrsaí ar dhigitiú, ar inbhuanaitheacht agus ar dhéantúsaíocht chliste, agus tá siad ag teacht leis na riachtanais reatha agus leis na riachtanais nua atá ag teacht chun cinn sa tionscal.  Deis atá san imeacht seo do dhaoine ar spéis leo a bheith ina mic léinn bualadh le hionadaithe ó chúrsaí páirtaimseartha na hOllscoile i réimsí éagsúla amhail Gnó agus Bainistíocht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht, Teangacha, na Dána agus na Daonnachtaí, Oideachas Pobail, agus ó chúrsaí réamhollscoile chomh maith.  Bhí an méid seo le rá ag Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe: “Tuigimid go mbíonn cúraimí oibre agus teaghlaigh ar ár bhfoghlaimeoirí fásta agus tá conairí foghlama solúbtha cruthaithe againn ó chúrsaí micridhintiúr go cúrsaí máistreachta dóibh siúd atá ag iarraidh modúl gearr creidiúnaithe a dhéanamh nó dul ar aghaidh chuig cúrsa níos fadtéarmaí. Is iomaí cor i gcosán na foghlama. Teastaíonn deiseanna ó dhaoine fásta le páirt a ghlacadh agus páirt a ghlacadh an athuair san fhoghlaim ag gach céim dá saol gairmiúil ionas go mbeidh a gcuid scileanna ag teacht le riachtanais reatha an ionaid oibre. Sa domhan seo atá ag síorathrú, tá sé tábhachtach go mbeadh ár gcóras oideachais in ann freagairt do na hathruithe sin.”  Tabharfar deis dóibh sin a bheidh i láthair freastal ar chainteanna faoi chúrsaí páirtaimseartha agus faoi chúrsaí micridhintiúr, léargas a fháil ar Leibhéil NFQ, agus eolas a fháil faoin bpróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama agus faoin mbealach ar féidir é sin a úsáid chun cáiliú le haghaidh staidéir. Chomh maith leis sin, déanfaidh an fhoireann acadúil cur i láthair faoi na cúrsaí nua Ard-déantúsaíochta agus tabharfaidh siad léargas ar an BA ceithre bliana i gCúram Sóisialta.  Le tuilleadh eolais a fháil faoin tráthnóna eolais nó le clárú, tabhair cuairt ar universityofgalway.ie/adultlearning/info_eve   Críoch  

Read more

10 June 2025

University of Galway information evening to showcase upskilling opportunities for Adult Learners

As part of its annual information evening for adult learners, University of Galway is outlining a new suite of courses to support people looking to upskill in response to evolving industry needs, including a new Diploma Series in Advanced Manufacturing. The information evening will take place on Wednesday June 18th from 5.30-7.30pm in the Human Biology Building on campus. Hosted by the University’s Centre for Adult Learning and Professional Development, the information evening will highlight a wide range of flexible short courses and long-term study options, designed to meet the learning needs of professionals, jobseekers, and those returning to work. The part-time courses for 2025/26 include fully-funded Springboard+ courses for the unemployed and returners, and 90% funding for those in work but seeking to upskill, along with courses funded through our Skillnet partners. The newly developed Diploma Series in Advanced Manufacturing offers interdisciplinary courses tailored for professionals with backgrounds in science and engineering, particularly those in MedTech and manufacturing design. With a focus on digitalisation, sustainability, and smart manufacturing, the courses align closely with current and emerging industry needs. Prospective students will have the opportunity to meet representatives from the University’s part-time courses, including Business and Management, Science and Technology, Languages, Arts and Humanities, Community Education, and pre-university courses.             Nuala McGuinn, Director of the Centre for Adult Learning and Professional Development at University of Galway, said: “We understand the juggle of work and family for our adult learners and have created flexible learning pathways from micro-credential to masters for those progressing from a short, accredited module to a longer-term course. Learning just doesn’t happen in a straight line. Adults require opportunities to engage and re-engage in learning at all stages of their professional lives so that their skills are current with the workplace. In this ever-changing world, it’s important that our education system can respond to those changes.” During the event, attendees can join talks on part-time courses and micro-credentials, gain insights into NFQ Levels, and learn about the process of Recognition of Prior Learning and how it can support eligibility for study. Academic staff will also introduce the new Advanced Manufacturing courses and provide an overview of the four-year BA in Social Care. For further information on the information evening or to register visit universityofgalway.ie/adultlearning/info_eve  Ends

Read more

9 June 2025

Tá Ceann Scoile ceaptha ag Ollscoil na Gaillimhe ar a céad Scoil Cógaisíochta agus Eolaíochtaí Leighis

á sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil an Dr Leo Quinlan ceaptha mar an chéad Cheann ar Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis.  Ábhar suntais is ea an ceapachán seo mar atá cruthú céad scoil Cógaisíochta na hOllscoile ón uair a bunaíodh in 1845 í.  Acadóir mór le rá agus ceannaire taighde i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe is ea an Dr Quinlan. Tá sé ina Leas-Déan ar Fhoghlaim, Teagasc agus Measúnú faoi láthair agus ina bhall de lucht acadúil na hOllscoile ó 1999 i leith.  Tá céim bainte amach ag an Dr Quinlan sa Bhithcheimic agus tá PhD aige i mBitheolaíocht Ghaschille. Tá cion buan déanta aige don oideachas agus don taighde, agus san áireamh leis sin tá an BSc in Eolaíocht Bhithleighis a stiúradh ar feadh deich mbliana agus an ról a bhí aige mar Cheann na Fiseolaíochta. Bhí ról lárnach ag an Dr Quinlan i mbunú chlár nua MPharm na hOllscoile a bheidh ag glacadh lena chéad chohórt mac léinn i Meán Fómhair 2025.  Forbairt mhór straitéiseach d’Ollscoil na Gaillimhe is ea bunú Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis sa mhéid is go dtugann sé le chéile an chógaisíocht agus na heolaíochtaí leighis in aonad acadúil nua a imreoidh tionchar ar thodhchaí an oideachais cúraim sláinte agus an taighde in Éirinn agus i gcéin.  Seo mar a labhair an Dr Leo Quinlan, Príomhthaighdeoir i bFiseolaíocht an Duine in Ollscoil na Gaillimhe agus Imscrúdaitheoir Maoinithe in CÚRAM – Ionad Feistí Leighis de chuid Thaighde Éireann: “Forbairt chinniúnach í seo d’Ollscoil na Gaillimhe agus is mór an onóir dom glacadh leis an ról seo. Tabharfaidh an Scoil nua deis an eolaíocht chógaisíochta a chomhtháthú le timpeallacht  ildisciplíneach fhuinniúil, rud a fhágfaidh go gcuirfí ar chumas ár gcuid mac léinn agus taighdeoirí tionchar cuimsitheach agus fadtéarmach a imirt ar chúram othar, ar chórais cúraim sláinte agus ar thaighde aistritheach.”  Tá an Dr Quinlan i gceannas freisin ar Shaotharlann Taighde na Fiseolaíochta Ceallaí, ar ionad feabhais é do leictrifiseolaíocht ianchainéil, cille agus fíocháin, agus tacaíonn sé leis an nuálaíocht i dteicneolaíocht cúraim sláinte trí bheith ina mheantóir do BioInnovate Ireland.  Dúirt an tOllamh Martin O’Donnell, Déan Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Céim mhór chun cinn don Ollscoil is ea ceapachán an Dr Quinlan. Tá sé tiomanta go hiomlán don fheabhas acadúil agus beidh an cheannaireacht a léirigh sé nuair a bhí ár gclár cógaisíochta nua á dhearadh den riachtanas agus timpeallacht oideachais atá idir dhinimiciúil agus treoraithe ag taighde á cothú aige. Is gearr uainn anois Scoil na Cógaisíochta agus na nEolaíochtaí Leighis a bheith ina hionad barr feabhais, áit a ndéanfar an nuálaíocht chliniciúil a chomhtháthú leis an oideachas agus le taighde feidhmeach a rachaidh chun tairbhe dár mic léinn, an réigiún agus cúram sláinte in Éirinn trí chéile.”  Dúirt an Dr Martina Ní Chúlain, an Stiúrthóir Forbartha Straitéisí i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá an clár MPharm seo á thabhairt isteach tráth a bhfuil dúshláin leanúnacha maidir leis an bhfórsa oibre roimh an gcóras cúraim sláinte, rud a fhágann go bhfuil an clár nua seo idir thráthúil agus ríthábhachtach. Cabhróidh sé le dul i ngleic leis an easpa náisiúnta poitigéirí agus ullmhóidh sé glúin nua gairmithe ardoilte a bheidh dírithe ar leas an othair agus a bheidh faoi réir déileáil le riachtanais shíorathraitheacha cúraim sláinte.”  Seo mar a labhair an tOllamh John Given, Bainisteoir Feidhmiúcháin Cógaisíochta, Ospidéil na hOllscoile, Gaillimh agus Ollamh Cúnta, Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte, Ollscoil na Gaillimhe: “Bhí ról ríthábhachtach ag an Dr Quinlan maidir leis an gclár Cógaisíochta nua in Ollscoil na Gaillimhe a bhunú. Is éachtach an méid fuinnimh, tiomantais agus scileanna eagrúcháin a thaispeáin sé ó thús an phróisis seo. Éacht faoi leith is ea é an clár seo a sheoladh ó chéim an bhundearaidh go dtí liostáil ar an CAO laistigh de dhá bhliain agus guím gach rath air ina phost nua.”  Is ionann bunú na Scoile agus tabhairt isteach an chláir MPharm, a mbeidh na chéad mhic léinn ag tosú air i mí Mheán Fómhair 2025, agus gnéithe den fhís níos leithne aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe cúraim sláinte san fhórsa oibre, go háirithe in iarthar na hÉireann agus, anuas air sin, éiceachóras taighde ardfhorbartha a chothú a bhfuil an chógaisíocht ina gné aistritheach de. Cuirfear, ar an gcaoi sin, le cumas na hOllscoile aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sláinte chasta trí comhoibriú, nuálaíocht agus fionnachtain.  Críoch 

Read more

Leading Research Globally

The purpose of our research and innovation is to advance the public good. Our people are creative in their thinking and collaborative in their approach. Our place is a distinct and vibrant region deeply connected internationally and open to the world. Read more

 

Prospective Students

Whether you are an undergraduate or a postgraduate, we want you to be part of our dynamic university community, learning from world-class academics, gaining new skills, and building a career that will sustain your passions into the future. Browse our range of full-time and part-time undergraduate and postgraduate courses.

Key Facts

#1

in Ireland for Sustainable Development (THE World Rankings)

5th

in the EU for our commitment to sustainability

273

in the world according to QS World University Rankings

30

Ranked in the Top 30 most beautiful campuses in Europe

79%

of our courses have work placement and/ or study abroad opportunities

334m

invested in new buildings and facilities on campus since 2010

110

Our university student body is made up of students from 110 countries

80m

approximately €80m annual research expenditure

tag imagetag image